WWW.T-LÉINE.COM


Réamhrá
... Is gnó Éireannach ar líne muid agus déanaimid t-léinte le manaí Éireannacha a sheoltar chuig do theach trí dhí-loingseoireacht.

Fúinn ... Fáilte go dtí ár suíomh; T-Léine.com... Is gnó Éireannach ar líne muid agus ba mhaith linn ár dteanga shaibhir agus thábhachtach a cheiliúradh trí éadaí agus faisean. Táimid tiomanta áilleacht na Gaeilge a thabhairt don domhan... Léine T fite fuaite le Gaeilge.

Anseo ag T-léine.com, creidimid gur mó ná focail amháin atá sa Gaeilge; is ráiteas cultúir agus féiniúlachta í. Léiríonn ár Léinte T nathanna cainte, seanfhocail agus ealaíona, le nósanna nua-aimseartha agus Éireannacha a fhógraíonn cultúr na hÉireann.

Cibé acu cainteoir líofa Gaeilge thú, foghlaimeoir nó duine le cúpla focal, má tá suim agat sa Gaeilge, tá rud éigin againn duit! Comhlíonaimid ár n-orduithe tríd an bpost. Ligeann sé seo dúinn díriú ar na dearaí agus coinníonn sé ár bpraghsanna níos ísle. Ba mhaith linn go mbeadh taithí siopadóireachta éasca agus iontach agat.

Tar agus ceiliúir ár dteanga agus ár gcultúr linn! Caith do theanga dhúchais le T-Léine.com agus inis scéal léi. Cuir do chéad ordú isteach inniu agus go raibh maith agat as tacú lenár dturas Gaeilge go dtí seo!

An Teanga agus Mo Scéal... Is mise Tomás. Is as Ard Mhacha dom. Tá suim agam sa cheol, go háirithe ceol trom. Is maith liom aon rud difriúil, dorcha nó aon rud le Gaeilge. Táim féinfhostaithe agus trádálaí aonair. Bhí suim agam sa Gaeilge nuair a bhí mé óg ach táim an-phaiseanta fúithi na laethanta seo.

Roimhe seo cheap mé gur caitheamh aimsire a bhí sa Gaeilge. Ach bhí mé chomh mícheart sin, rud a chuir náire orm. Níor chreid mé go bhféadfainn maireachtáil trí mheán na Gaeilge in Ard Mhacha. Shíl mé go mbeadh orm bogadh go dtí an Ghaeltacht, ach bhí mé mícheart arís. Is í an teanga an saol. Áit ar bith.

Táim ag freastal ar ranganna oíche le blianta ach lá amháin, thosaigh mé ar Dioplóma sa Gaeilge in Ollscoil Uladh. Le linn an chúrsa thuig mé go bhféadfainn saol a dhéanamh trí mheán na Gaeilge ach gur ghá dom an deis a thapú! Thug mé gealltanas dom féin, gur ghá dom iarracht mhór a dhéanamh. D’athróinn mo shaol.

Sin é an fáth ar thosaigh mé mo chéad ghnó i nGaeilge. Fáilte go t-léine.com! Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as! Cuir aon cheist orm! Bheinn an-sásta do theachtaireacht a fháil. Is duine ildisciplíneach mé, agus dá bharr sin, bíonn mé gnóthach i gcónaí ach bígí foighneach liom agus rachaidh mé i dteagmháil libh! Míle buíochas ó bhun an scéil.
mo chroí.

Go dtí an bua,

Tomás Ard Mhacha.

Ár ndearaí... Déanaimid ár ndearaí féin nó i gcomhar le healaíontóirí Éireannacha. Ar ndóigh, tá an Gaeilge lárnach sna dearaí. Léine gan teanga, léine gan anam.